Lesson 7

Menu

  1. Vocabulary

  2. Grammar

  3. Texts

  4. Back To Lesson Menu

Vocabulary

SINGULAR                        PLURAL                  ENGLISH

aimsir (61K) fem.						weather, time (in general)
an iomarca						too much, too many
asal				asail			donkey
bainne							milk
beithíoch(1)			beithígh		cow, beast
bó (1) fem.			ba			cow
caora fem.			caoirigh		sheep
capall				caiple			horse
cat (2)				cait			cat
cnoc				cnoic			hill
créatúr				créatúir		poor thing, poor fellow
féar							grass
feilm fem.			feilmeacha		farm
francach			francaigh		rat
geimhreadh			geimhraíocha		winter
inín fem.			iníneacha		daughter
madadh				madraí    		dog
mí fem.				míonna			month
muic fem.			muca			pig
peata				peataí			pet
rifíneach			rifíneacha		ruffian
samhradh			samhraíocha		summer
saol				saolta			life
uisce							water

bocht (16K)							poor, miserable
bradach							thieving, sly
'chuile							every
dall							blind
fuar							cold
glic							cute, cunning
íseal							low
óg							young
soibhir							rich
spéisiúil						interesting
tábhachtach						important
uasal							nobal, pertaining to gentry, upper class

cé go / nach (14K)						although
chomh maith						as well
cineál (3)						kind of..., sort of...
go díreach						exactly, just, directly
i gcónaí						always, still
mar geall ar (go / nach)				because (of), concerning

ó shin							ago, since that


(1)	Bó fem. 'cow' is normally used in the singular and 
beithígh in the plural.

(2)  Pronounced as though spelled cut.

(3)  Pronounced as though spelled cionál


Grammar

  1. THE HABITUAL TENSES OF TÁ

    1. Present Habitual
      Bíonn Cáit anseo.			Cáit is normally here.
      
      
    2. Past habitual
      Bhíodh Cáit anseo.			Cáit used to be here.
      
      

  2. THE CONDITIONAL OF TÁ

    Bheadh Cáit anseo.			Cáit would be here.
    
    

  3. SUMMARY TABLE OF TÁ

    PRESENT TENSE PAST TENSE FUTURE TENSE PRESENT HABITUAL TENSE PAST HABITUAL TENSE CONDITIONAL TENSE
    is was will be normally is used to be would be
    tá mé bhí mé beidh mé bím bhínn bheinn
    tá tú bhí tú beidh tú bíonn tú bhíteá bheinn
    tá sé bhí sé beidh sé bíonn sé bhíodh sé bheadh sé
    tá sí bhí sí beidh sí bíonn sí bhíodh sí bheadh sí
    tá muid bhí muid beidh muid bíonn muid bhíodh muid bheadh muid
    tá sibh bhí sibh beidh sibh bíonn sibh bhíodh sibh bheadh sibh
    tá siad bhí siad beidh siad bíonn siad bhídís bheidís
    táthar bhíothadh beifear bítear bhítí bheifí

    The statement form in the past the habitual past, and conditional is always lenited. A final ch sound in verbal endings, except in autonomus forms, is replaced by a t sound before slender s, e.g. sé, sise, sibh, Seán.

    Bhíodh muid anseo.			We used to be here.
    Bheadh sé go deas.			It would be nice.
    
    

  4. COMBINED FORMS

    bíonn + mé / mise		combine as	bím(se)		I (normally) am
    bhíodh + mé / mise				bhínn(se)	I used to be  
    bheadh + mé / mise				bheinn(se)	I would be
    bhíodh + tú / tusa				bhíteá(sa)	you used to be
    bheadh + tú / tusa 				bheifeá(sa)	you would be
    bhíodh + siad / siadsan				bhídís(ean)	they used to be
    bheadh + siad / siadsan				bheidís(ean)	they would be
    
    

    All verbs have combined forms in the above persons and tenses. (*) Contrast forms always add -se (in the first sing.), -sa (in the second sing.) and -sean (inthe third plural).

    (*) A further combined form is bhíodar which can be optionally used instead of bhí siad.

    The combine form is used in a response:

    An mbeifeá ansin ?	Would you be there ?		Bheinn.	Yes, I would.
    Bhídísean sásta.	They used to be content.	Bhíís.	Yes, they used to be.
    
    

    The contrast forms, e.g. bhídísean, are never used in thes responses.

  5. ADJECTIVE MODIFYING NOUNS IN PLURAL

    1. After most nouns
      fuinneogaí móra		big windows
      daoine glice		cunning people
      
      

      An unstressed vowel is added. This is spelt 'a' after a broad consonant, e.g. mór, and 'e' after a slender consonant, e.g. glic

    2. After nouns with plurals spelt with a final consonant
      gasúir bheaga		little children
      francaigh mhóra		big rats
      
      

      The adjective is also lenited.
      (In certain set phrases a noun used attributively (i.e. similar to an adjective) is lenited in the same way, e.g. beithigh bhainne 'milk cows'.)

  6. THE VOCATIVE PLURAL

    A rifíneachaí !			(You) ruffians !
    A chearca !			hens !
    A dhaoine uaisle !		Ladies and gentlemen ! (lit. noble people)
    A ghasúir bheaga !		(You) little children !
    A rifíneachaí bradacha !	You thieving ruffians !
    
    

    The vocative particle 'a' always causes lenition (see Lesson 4). Adjectives follow the normal rules for the plural.

    There are a few nouns which have a special vocative plural form,
    e.g. créatú 'poor thing', créatúir 'poor things', a chréatúrachaí '(you) poor things !';
    fear 'man', fir 'men', a fheara '(you) men !'.


Texts

FEILIM MHUINTIR MHÁIRTÍN (53K)

Tá feilim réasúnta mór ag muintir Mháirtín. Níl siad soibhir cé go bhfuil go leor feilméaraí soibhir agus daoine uaisle anseo. Ar ndóigh, níl siad bocht ach a oiread ! Tá beithígh bhainne go leor ag Máirtín agus neart caoirigh. Tá cnoc beag in aice leis an bhfeilm agus bíonn caorigh Mháirtín ansin. Bíonn beithígh Mháirtín ar an talamh maith, go díreach in aice leis an teach. Tá an féar go maith ansin. Ní bhíonn muca ann anois cé go mbíodh neart muca ann cupla bliain ó shin. Tá cearca ann chomh maith agus ar ndóigh, tá tá cat agus madadh ann freisin. Tá an cat tábhachtach mar geall ar go bhfuil an iomarca francaigh mhóra anseo. Tá an cat cineál dall anois ach tá sé glic go leor mar sin féin. Bíonn cait dhall mar sin go minic. Tá cait spéisiúil mar sin.

Tá (44K) gasúir bheaga ag Máirtín. Tá peata ag 'chuile dhuine. Tá asal ag Seáinín, mac Mháirtín, agus ar ndóigh, bíonn sé bradach anois agus aríst. Ní bhíonn mórá asail anseo anois ach cupla bhliain ó shin bhíodh go leor leor asail anseo. Bíonn siad daor anois. Tá peata ag Bríd, inín Mháirtín, freisin. Tá capall beag ag Bríd.

Bhí Bairbre bheag anseo cupla mí annuraidh agus bhí sí sásta leis an saol anseo. Bíonn gasúir bheaga sásta leis an saol anseo.

Bhí bliain mhaith ag Máirtín annuraidh. Bhí an aimsir go maith. Bhí an samhradh go hiontach, cé nach raibh go leor uisce ann.

'Bíonn an samhradh (30K)go deas anseo ach bíonn an geimhreadh go dona. Bíonn muintir Bhaile Átha Cliath mar sin i gcónaí ! Bheitheá sásta anseo anois ach b'fhéidir go mbeadh an geimhreadh fuar agus an mbeitheá sásta ansin ?' a deir Máirtín leis an gcailín óg

'Bheinn,' a deir Bairbre Bheag.

'Níl mé cinnte an mbeitheá !' a deir Máirtín

'Ó muise, an créatúr,' a deir Cáit, bean Mháirtín, 'bheadh sí sásta cinnte. Bíonn daoine óga sásta i gconaí, nach mbíonn, a Bhairbre Bheag ?'


Top Of The Page

Bact To Lesson Menu